Ga
I envy the sand that met his feet
Is éad liom an gaineamh a d'fháiltigh roimh a chosa
I’m jealous of honey he tasted sweet
Tá formad agam leis an mil a bhlais sé go milis
Of birds that hovered above his head
Leis na héin a d'fhan ar foluain os cionn a chinn
Of spiders who spun their sacred web
Leis na damháin alla a fhigh a ngréasán naofa
To save him from his enemies
Chun é a chosaint ar a naimhde
I envy clouds formed from the seas
Is éad liom na scamaill a d'eascair as na farraigí
That gave him cover from the heat
A thug foscadh dó ó bhruith an lae
Of a sun whose light could not compete
Ó ghrian nach bhféadfadh a solas dul in iomaíocht
With his, whose face did shine so bright
Leis féin, a raibh a aghaidh ag taitneamh chomh geal sin
That all was clear in blinding night
Go raibh gach ní soiléir san oíche dhallta
I envy sightless trees that gazed
Is éad liom na crainn gan radharc a d'fhéach air
Upon his form completely dazed
Ar a dhealbh is iad faoi dhraíocht ar fad
Not knowing if the sun had risen
Gan fios acu an raibh an ghrian tar éis éirí
But felt themselves in unison
Ach iad ag mothú i gcomhpháirt
With those who prayed, and fasted too
Leo siúd a ghuigh, agus a rinne troscadh chomh maith
Simply because he told them to
Toisc go ndúirt sé leo é a dhéanamh
With truth and kindness, charity
Le fírinne, le cineáltas, agus le déirc
From God who gave such clarity
Ó Dhia a thug an soiléireacht sin
His mercy comes in one He sent
Tagann a thrócaire sa té a chuir sé chugainn
To mold our hearts more heaven bent
Chun ár gcroíthe a lúbadh i dtreo na bhflaitheas
I envy all there at his side
Is éad liom iad siúd go léir a bhí in aice leis
Who watched the turning of the tide
A d’fhéach ar chasadh na taoide
As truth prevailed and falsehood fled
Nuair a bhuaigh an fhírinne is gur theith an bhréag
And hope restored life to the dead
Is gur athbheoigh an dóchas na mairbh
Men and Women through him found grace
Fuair fir is mná grásta trína bhíthin
To seek together God’s noble face
Chun aghaidh uasal Dé a lorg le chéile
I envy the cup that gave him drink
Is éad liom an cupán as ar ól sé
His thoughts that helped us all to think
A chuid smaointe a chabhraigh linn go léir machnamh
To be one thought that passed his mind
Dá mbeinn i mo smaoineamh amháin a rith trína aigne
Inspiring him to act so kind
Á spreagadh chun gníomhú chomh cineálta sin
For me this world is not one jot
Dhomsa, ní fiú tráithnín an saol seo
If I could simply be a thought
Dá bhféadfainn a bheith i mo smaoineamh amháin
From him to God throughout the ages
Uaidh go Dia i rith na n-aoiseanna
As revelation came in stages
De réir mar a tháinig an nochtadh ina chéimeanna
I pity all who think it odd
Is trua liom iad siúd ar dóigh leo go bhfuil sé aisteach
To hear him say there is one God
É a chloisteáil ag rá nach bhfuil ach aon Dia amháin ann
Or he was sent by God to men
Nó gur chuir Dia chugainn é
To hone their spirits’ acumen
Chun géire a n-anama a fhaobhar
It’s pride that blinds us from the sight
Is é an t-uabhar a dhallann muid ón léargas
That helps good men to see his light
A chabhraíonn le dea-fhir a sholas a fheiceáil
He taught us all to be God’s slaves
Mhúin sé dúinn go léir a bheith inár seirbhísigh ag Dia
And he will be the one who saves
Agus is é an té a shlánóidh
Humanity from sinful pride
An chine daonna ón uabhar peacúil
Muhammad has God on his side
Tá Dia ar thaobh Mhuhammad
So on this day be blessed and sing
Ar an lá seo, bíodh sibh beannaithe agus canaigí
For he was born to grace our Spring
Óir rugadh é chun ár n-Earrach a mhaisiú
With lilies, flowers, life’s rebirth
Le lile, le bláthanna, le hathbhreith na beatha
In a dome of green like his on earth
I gcruinneachán glas cosúil leis an gceann s’aige ar talamh